Salm 88 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Faoi Bhráca an Bhróin

1. Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Heman an dúchasach.

1 Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Heman an dúchasach.

2. A Thiarna Dia, bím ag éamh ort de lá;bím ag caoineadh istoíche os do chomhair.

3. Go dtaga mo ghuí ag triall ort;claon do chluas chun mo ghlóir.

4. Óir tá m'anam lánualaithe le buarthaí;tá mo bheatha ag druidim leis an uaigh.

5. Áirítear mé ar an drong a ghabhann sa pholl;agus ráinig mé mar neach gan neart;

6. mar dhuine ina aonar i measc na marbh,amhail an t‑ár ina luí san uaigh,atá imithe as do chuimhne go brách,agus atá scartha le do chúram caomhnaitheach.

7. Chuir tú go domhain san uachais mé,in íochtar an duibheagáin dhorcha.

8. Luíonn do dhíbheirg go trom orm;tá mé báite faoi do thonnta go léir.

9. Chuir tú mo chairde i bhfad uaim;thug tú orthu déistin a ghlacadh liom.Táim faoi ghlas is ní féidir liom éalú;

10. tá mo shúile ag meirtniú le téann buartha.Bím ag éamh ort gach aon lá, a Thiarna;is chugat a shínim mo lámha.

11. An ndéanfaidh tú éachtaí do na mairbh?an éireoidh na neamhbheo do do mholadh?

12. An bhfógrófar do ghrá san uaigh,nó do dhílseacht i measc na marbh?

13. An bhfoilseofar d'éachtaí sa dorchacht;agus d'fhíréantacht i dtír na díchuimhne?

14. Is ort a bhím ag éamh, a Thiarna,is chugat a thagann m'urnaí ar maidin.

15. Cad chuige duit m'anam a ruaigeadh?cad fáth a bhfolaíonn tú d'aghaidh orm?

16. Tá mé i m'ainniseoir, i riocht bháis ó m'óige;scanraigh mé romhat gur traochadh mo neart.

17. Tháinig do dhíbheirg orm anuas,agus rinne do sceimhle mo scriosadh.

18. Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile;tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.

19. Sciob tú uaim mo chara agus mo chomharsa;is í an dorchacht mo chompánachsa feasta.