Salm 40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Is Fearr an Umhlaíocht ná an Íobairt

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

A

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

2. D'fhan mé go foighneach leis an Tiarnaagus chrom sé chugamgur éist sé le mo ghuí.

3. Tharraing sé mé as díog na díthe,as láib an bhogaigh;chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraigagus dhaingnigh mo choiscéimeanna.

4. Chuir sé amhrán nua i mo bhéal:duan dár nDia.Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu,agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.

5. Is aoibhinn don té a chuireanna dhóchas sa Tiarna;an té nach gcloíonn le huaibhrighná le déithe bréige.

6. Nach iomaí sin éacht a rinne tú,a Thiarna is mo Dhia!Níl aon neach inchurtha leatsasna comhairlí a cheap tú dúinn.Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamhrachadh a gcomhaireamh díom.

7. Íobairt ná ofráil níor thoil leat,ach d'oscail tú mo chluasa.Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;

8. ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé!i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm

9. go ndéanfainn do thoilse.A Dhia, is áil liom do dhlíi ndiamhair mo chroí.”

10. Rinne mé d'fhíréantacht a fhógairtsa chomhdháil mhór.Cosc níor chuir mé le mo bhéalmar is eol duit, a Thiarna.

11. Níor fholaigh mé d'fhíréantacht i mo chroíach d'fhógair mé do chabhair dhílis;níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinnear an gcomhdháil mhór.

B

12. A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéiluaim go brách.Go ndéana do bhuanghrá agus d'fhírinnemo chaomhnú choíche.

13. Tá mórán olc i mo thimpeall,oilc gan áireamh.Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chiontanach bhfeicim dada;ní lia ribí mo chinn ná iadagus teipeann mo mhisneach orm.

14. Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt;brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.

15. Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neachar a bhfuil fonn mo mharaithe;go gcuirtear ar gcúl faoi náirea bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.

16. Go ndalltar le náire an dronga deir liom: “Há! há!”

17. Go ndéana a mbíonn ar do lorgríméad agus gairdeas ionat.Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh:“Moladh leis an Tiarna!”

18. Cé gur dealbh agus gur dearóil misedéanann an Tiarna cúram díom.Is tú mo chabhair agus m'fhuascailteoir;ná moilligh, a Dhia liom.