Salm 133 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Aoibhneas an Ghrá Bhráithriúil

1. Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Féach! nach maith agus nach aoibhinn égo mbeadh bráithre ina gcónaí le chéile.

1 Amhrán Oilithreach. Le Dáiví.

2. Mar uinnimint a doirteadh ar an gceann,agus a shil ar an bhféasóg -a shil anuas ar fhéasóg Árón,go himeall a fhallainge.

3. Is cosúil le drúcht Hearmón é agus é ag titimanuas ar Shliabh Shíón.Is ann a thug an Tiarna beannacht,agus beatha go brách.