Salm 70 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Blogh

1. Don stiúrthóir. [Salm] Dháiví. Mar chuimhneachán.

1 Don stiúrthóir. [Salm] Dháiví. Mar chuimhneachán.

2. Go mba toil leat, a Dhia, mé a fhuascailt;brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.

3. Go raibh náire agus ceann faoi ar an dreama bhfuil mo bheo agus m'anam uathu.Go gcuirtear ar gcúl faoi náirea bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.

4. Go ngabha ar ais faoi mhearbhallan drong a deir liom: “Há, há!”

5. Go ndéana a mbíonn do d'iarraidhríméad agus gairdeas.Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh:“Moladh le Dia!”

6. Ós dealbh dearóil mé,tar chugam, a Dhia.Is tú mo chabhair is m'fhuascailteoir,ná moilligh, a Thiarna!