Salm 81 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Féile an Fhómhair agus na hAthbhliana

1. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Le hÁsáf.

1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Le hÁsáf.

2. Canaimis go meidhreach do Dhia ár neart;tógaigí gártha gliondair do Dhia Iacóib.

3. Cromaigí ar an gceol agus buailigí an tiompán,an bhinnchruit chaoin agus an chláirseach.

4. Séidigí an stoc le linn na gealaí úire,nuair is lán don ghealach, lá na féile.

5. Óir is bunreacht in Iosrael é;is reacht é de reachtanna Dia Iacóib

6. a d'achtaigh an dlí seo do Iósaefnuair a ghabh sé amach in aghaidh na hÉigipte.

7. Teanga nárbh aithnid dom a chuala mé:“Thug mé faoiseamh dá ghualainn ón ualachagus fuasclaíodh a lámha ón gcliabh.

8. Ghlaoigh tú orm in am an bhuairimh agus shaor mé thú;thug mé freagra ort as néal na doininne;rinne mé do thástáil ag uiscí Mhiríbeá. Selah

9. Éistigí, a phobal liom, tabharfaidh mé comhairle daoibh;monuar nach n‑éisteann tú liom, a Iosrael!

10. Ná bíodh aon dia deoranta in bhur measc;ná déanaigí dia eachtrannach a adhradh.

11. Mise an Tiarna, bhur nDia,a sheol sibh as tír na hÉigipte;oscail do bhéal go fairsing agus líonfaidh mé é.

12. Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór;níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom.

13. Thug mé suas iad do mhianta a gcroí;chun cibé ní ab áil leo a dhéanamh.

14. Dá mb'áil le mo phobal éisteacht liom;dá siúlfadh Iosrael i mo shlite,

15. chuirfinn a naimhde faoi chois gan mhoill;agus dhéanfainn a n‑eascairde a threascairt.

16. Bheadh lucht fuatha an Tiarna ag lútáil leis;ach bheidís faoi bhroid go brách.

17. Bheathóinn [Iosrael] le scoth na cruithneachta;agus líonfainn é le mil as an gcarraig.”