Salm 64 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Lucht na Tromaíochta

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.

2. Éist le mo ghlor is mé ag gearán, a Dhia;cosain mo bheo ar eagla an namhad.

3. Folaigh mé ar lucht an oilc agus a scéimeanna,ar an ngramaisc seo de lucht na hurchóide.

4. Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar chlaíomhagus scaoileann a mbriathra nimhe amhail saigheada;

5. scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan,‘s iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla.

6. Beartaíonn siad a ndrochbhearta go diongbháilte‘s iad i gcogar le chéile go folaitheach,á rá lena chéile: “Cé a fheicfidh sinn:

7. cé a fhéadfaidh ár gcionta a thóraíocht?”Ach an té sin a thóraíonn an aigne,arb eol dó rúndiamhra an chroí -

8. scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann,agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.

9. A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh,agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu.

10. Beidh eagla ar gach aon neach an uair sin,inseoidh siad a bhfuil déanta ag Dia,agus tuigfidh siad gníomhartha Dé.

11. Gairdeoidh an fíréan sa Tiarna,rachaidh sé ag triall air faoi dhóchasagus beidh lucht an chroí chneasta ag déanamh mórtais.