Salm 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Urnaí Oíche

1. Do stiúrthóir an chóir; le gléasanna téad. Salm le Dáiví.

1 Do stiúrthóir an chóir; le gléasanna téad. Salm le Dáiví.

2. Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta.D'fhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach.

3. A fheara, cá fhad dom faoi mhíchlú agus náire,agus sibhse ag tabhairt taitnimh don bhaois is don éitheach?

4. Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga:éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.

5. Bíodh eagla oraibh; ná peacaigí, déanaigí machnamh in bhur leaba.

6. Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh.

7. Is iomaí duine á rá: “Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn?Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.”

8. Is mó a chuir tusa d'aoibhneas i mo chroíná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.

9. Rachad a luí faoi shuaimhneas: déanfad codladh go sámh,óir is tú amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé.