Salm 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Urnaí a Iarraidh Treorú Dé

1. Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví.

1 Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví.

2. Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna,agus éist le m'osna.

3. Claon chun glór mo ghuí,a Rí liom is a Dhia!

4. Óir is chugatsa a chuirim m'urnaí, a Thiarna;éisteann tú liom ar maidin.Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin,cuirim chugat mo ghuí.

5. Ní Dia tú lenarb áil an urchóid:ní mhaireann an t‑olc leat.

6. Ní sheasfaidh an scaothaire an fódos comhair do shúl.

7. Is gráin leat lucht oibrithe an oilc;scriosann tú lucht éithigh.Is fuath leis an Tiarna an fear fuilteachagus an cealgaire claon.

8. Rachadsa cheana i do theachsatrí líonmhaire do thrócaire;cromfaidh mé i do theampall naofale heagla romhat, a Thiarna.

9. Treoraigh mé a Thiarna, i d'fhíréantachtmar gheall ar mo naimhde;réitigh do shlí romham.

10. Níl an fhírinne le fáil ina mbéal;tá cealg ina gcroí.Is uaigh ar leathadh a gcraos;is mealltach a dteanga.

11. Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna;go dteipe ar a mbearta;cuir an ruaig orthu de dheasca a gciontaóir d'éirigh siad i d'éadan.

12. Bíodh áthas ar chách a ritheann chugat;gairdídís go brách;caomhnaigh an dream lenarb áil d'ainmchun go ndéana siad gairdeas ionat.

13. Óir beannóidh tú an fíréan, a Thiarna;beidh do chineáltas amhail sciath ina thimpeall.