Salm 43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúisin aghaidh lucht na héagráifeachta.Ó lucht an fhill agus na hurchóidesaor mé, (a Dhia).

2. Óir is tú mo dhídean, a Dhia,cén fáth ar theilg tú uait mé?Cén fáth a bhfuilim ag triall go dobrónachagus mo namhaid do mo chiapadh?

3. Cuir chugam do sholas agus d'fhírinne,go ndéana siad mo threorúdo mo thionlacan faoi dhéin do chnoic naofa,faoi dhéin do phailliúin.

4. Triallfaidh mé ar altóir Dé,ar Dhia is cúis áthais dom;agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruita Dhia, ón, a Dhia liom!

5. Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.