Salm 127 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Is é Dia a Chuireann an Rath ar an Obair

1. Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail,is saothar amú é do lucht a thógála.Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint,is díomhaoin don gharda bheith á faire.

1 Amhrán Oilithreach. Le Solamh.

2. Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas,agus bheith ag airneán go déanach,sibhse a itheann arán an tsaothair;óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.

3. Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann;is tuarastal é toradh na broinne.

4. Mar shaigheada i láimh an ghaiscígh,is mar sin do chlann na hóige.

5. Is aoibhinn go deimhin don fhear,a líon a thruaill leis na saigheada sin,óir ní bhfaighidh an té sin náire,agus é ag aighneas lena naimhde sa gheata.