Salm 137 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cois Sruthanna na Bablóine

1. Cois sruthanna na Bablóinea shuíomar ag sileadh deor,ag cuimhneamh dúinn ar Shíón.

2. Ar shaileoga na tíre sinchrochamar ár gcruiteanna.

3. Óir an drong a rinne bránna dínn,d'iarr siad amhráin orainn,agus an drong a bhíodh dár gciapadh,d'iarr siad lúcháir orainn:“Scaoiligí chugainn,” a deiridís,“amhrán d'amhráin Shíón.”

4. Conas a chanfaimis amhrán an Tiarnai dtír na gcoimhthíoch?

5. Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim,go gcrapa mo dheaslámh!

6. Go gceanglaí mo theanga de mo charball,mura gcuimhním ort,mura gcuire mé Iarúsailéimmar bharr m'aoibhnis uile.

7. Cuimhnigh, a Thiarna,in aghaidh chlann Eadóm,lá treascartha Iarúsailéim,nuair a dúirt siad:“Scriosaigí í, scriosaigí í;leagaigí go talamh í.”

8. A iníon na Bablóine,nach tú an scriosaire!Is méanar don té a dhíolfaidh leatsana dochair a d'imir tú orainne -

9. an té a bhéarfaidh ar do leanaíá mbascadh in éadan na carraige!