Salm 38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Urnaí Aithrígh le linn Tinnis

1. Salm Dháiví. Mar chuimhneachán.

1 Salm Dháiví. Mar chuimhneachán.

2. A Thiarna, ná lochtaigh mé i d'fhearg;ná déan mo smachtú i do chuthach.

3. Tá do shaigheada greamaithe go domhain ionamagus tháinig do lámh anuas orm.

4. Ní slán do mo cholainn de dheasca d'fheirgeníl folláine i mo chnámha de thoisc mo pheaca.

5. Óir d'éirigh mo chionta os mo chionnagus luíonn siad ina n‑ualach róthrom orm.

6. Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathude dheasca mo dhíchéille féin.

7. Tá mé crom; tá mé craptha go dearfa;triallaim timpeall go dobrónach ar feadh an lae.

8. Tá mo leasracha arna líonadh d'othras,níl folláine ar bith i mo cholainn.

9. Tá mé traochta; tá mé brúite as cuimse,is mé ag cneadaíl le céasadh mo chroí.

10. Is feas duit, a Thiarna, mo mhianta,níor ceileadh ort m'osnaí ach oiread.

11. Tá mo chroí ag preabadh; d'imigh mo neart uaim,agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.

12. Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé,agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim,mar gheall ar mo chréachtaí.

13. An dream ar a bhfuil fonn mo mharaithe cuireann siad ribe romham -an dream a iarrann mo dhochar agus mo mhilleadh,beartaíonn siad feall i mo choinne ar feadh an lae.

14. Is cosúil mé le bodhrán nach gcluineannle balbhán nach n‑osclaíonn a bhéal;

15. amhail duine nach gcluineann dada ar bith‘s nach bhfuil oiread agus focal ina phluc aige.

16. Óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna,is tú a thabharfaidh freagra, a Dhia liom.

17. Óir deirim: “An dream a bhíonn ag maíomh orman uair a shleamhnaíonn mo chos uaim,nár dhéana siad gairdeas mar gheall orm.”

18. Óir táimse ar tí titim faoi láthair;bíonn mo bhrón as mo chomhair de ghnáth.

19. Admhaím mo chion is mo pheaca;is buartha go fíor mé dá dheasca.

20. Is cumhachtach iad mo naimhde gan ábharagus is líonmhar lucht m'fhuatha gan fáth,

21. a thugann an t‑olc uathu i gcúiteamh na maitheagus a chuireann i m'aghaidh toisc go leanaim den mhaith.

22. Ná tréig mé, a Thiarna, a Dhia liom!ná bíse i bhfad uaim choíche!

23. Brostaigh, a Dhia, chun mo chúnaimh,a Thiarna, is tú mo shlanú.