Salm 48 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cathair Naofa Dé

1. Amhrán. Salm chlann Chorach.

1 Amhrán. Salm chlann Chorach.

2. Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór éi gcathair ár nDé.

3. Is álainn an cnoc é a shliabh naofa,áthas an domhain uile.Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirtcathair an ArdRí.

4. Chruthaigh Dia i lár a dúntabheith ina dhaingean sábháilte.

5. Óir féach! chruinnigh na ríthe le chéilegur ionsaigh siad in éineacht.

6. Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu;rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.

7. Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach,amhail tinneas clainne;

8. mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadhloingeas Thairsís.

9. Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamari gcathair ár nDé;i gcathair Thiarna na sluaa dhaingnigh Dia go deo.

10. Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia,i gceartlár do theampaill.

11. Leathann do mholadh, ar nós d'ainm, a Thiarna,go críocha na cruinne.Is lán do dheaslámh d'fhíréantacht;

12. gairdíonn Cnoc Shíón.Tá áthas ar iníonacha Iúdáde bharr do bhreithiúnais.

13. Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeallcomhairigí a túir.

14. Breathnaigí a rampair chosanta;scrúdaigí a dúnfoirt,go n‑inseoidh sibh don ghlúin atá le teacht:

15. is mar sin dár nDia.Is é ár nDia é go brách na breitheagus ár dtreoraí go deo.