Salm 19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dia agus an Dúlra

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

A

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

2. Fógraíonn na spéartha glóir Déagus foilsíonn an fhirmimint saothar a lámh.

3. Insíonn na laethanta an scéal dá chéileagus tugann na hoícheannta an t‑eolas dá chéile.

4. Ní chluintear caint ná canúint ná briathar

5. cé go ngabhann a nglór i ngach uile thíragus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne.Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian

6. a thagann mar nuachar amach as a sheomraag gairdiú mar ghaiscíoch ag cur chun reatha.

7. Tá a thriall amach as teorainn na spéireagus a iomchuairt thart chun na teorann eile,agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.

B

8. Tá dlí an Tiarna gan cháim:athbheonn sé an t‑anam.Is iontaofa í fianaise an Tiarna,a thugann eagna don fhíréan.

9. Is díreach iad forálacha an Tiarna:cuirid áthas ar an gcroí;is glan í aithne an Tiarna,soilsíonn sí na súile.

10. Is íon í eagla an Tiarna,maireann sí go deo;is fíor iad reachtanna an Tiarna,táid uile go cóir.

11. Is mó is so-mhianaithe iad ná ór,ná mínór dá ghlaine;agus is milse iad ná mil,ná mil ar sileadh ón gcíor.

12. Múineann siad eolas do do ghiolla;is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.

13. Cé a fhéadfaidh a earráidí a aithint?ná leag orm mo pheacaí folaigh.

14. Caomhnaigh do ghiolla ar an uabharsula bhfaighe sé mo bhua;Ansin is ea a bheidh mé gan smálagus saor ó thrompheaca.

15. Go raibh briathra uile mo bhéilagus smaointe mo chroítaitneamhach leatsa, a Thiarna,a charraig liom, is a shlánaitheoir.