Psailm 85 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Ag iarraidh réidhte, atá sé ag feitheamh ar fhocal Dé, agus iomdha beannachdadh ré linn.

Don phrímhfhear ceóil, Psalm do mhacaibh Córah.

1. A THIGHEARNA, do bhí tú fabharthach dot dhúthaigh: thug tú ar ais braighdionas Iácob.

2. Do mhaith tú eaccoirthe do phobail, dfoluigh tú a bpeacadh uile. Selah.

3. Do tharruing tú leachd do dhíbhthearg uile: dfillis ó theas thfeirge.

4. Iompóigh sinn, a Dhé ar shlánuighthe, agus coisg thfearg ar naghaidh.

5. An mbía tú feargach go bráth rinn? an mbía thfearg ar congmháil ó ghinealach go ginealach?

6. Nach ndéanair sinne bhéoghudh a rís: ionnus go ndéunaid do dhaoine lúathgháire ionnad?

7. Taisbéin do thrócaire dhúinn, a THIGHEARNA, agus tabhair do shlánughadh dhuinn.

8. Cluinfiod cred e déaras Día an TIGHEARNA: óir laibheoruidh sé síothcháin ré na dhaóinibh, agus ré na náomhuibh: iondus nach bhfillfíd a rís chum éigcríonachd.

9. Atá a shlánughadh go deimhin a ngar don lucht air a bhfuil a eagla; go náitrighiodh glóir ann ar ndúithche.

10. Tárla trocaire agus fírinne ré chéile; do phógadar a nfíréantacht agus an tsíothcháin ni ar oile.

11. Fásaigh fírinne as an ttalamh, agus féuchuidh a nfiréantachd a nuas ó neamh.

12. Do bhéura an TIGHEARNA mar an ccéadna maith; agus do bhéara ar bhfearann a thoradh.

13. Rachaidh ceart ós coinne a aighthe; agus cuirfidh sinne a slighe a choíscéime.