Psailm 14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Osnadh um nádur thruaillidh an duine.

Don phrímfhear ceóil, Psalm Dháibhi.

1. A DUBHAIRT an tamadán iona chroidhe, Ní bhfuil Día ann. Atáid síad truáilligh, do rinneadar oibreacha adhfhúathmhara, ní bhfuil éainneach do ní maith.

2. Dféuch an TIGHEARNA a núas ó neamh air chloinn na ndaóine, dféuchuin an raibh aonduine do thuigfeadh, agus diarrfadh Día.

3. Do chlaonadar uile, atáid síad uile truáilligh: ní bhfuil éainneach do ní maith, ní bhfuil, éainneach amháin.

4. An bhfuil éolus air bith ag a nuile dhuine oibrighios éaicceart? noch ithios súas mo phobalsa mar ithid síad aran, agus gan ghairm air an TTIGHEARNA.

5. Annsin do bhádarsan a neagla mhóir: oir atá Día a nginealach na bhfiréan.

6. Do náirigheabhair comhairle an bhoichd, do bhrígh gur bé an TIGHEARNA a dhaingean.

7. O nach ttig slánughadh Israel amach as Sion! a nuáir bhéaras an TIGHEARNA daoirsine a phobail air ais, gáirdeochuidh Iácob, agus biaidh Israel lúathgháireach.