Psailm 53 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

An Duine do chuir cúl re Día thríd amach, ní bhfuil sé saor ó eagla.

Don phrímhfhear ceóil ar Mahalat, Psalm teagaisg Dháibhi.

1. A dubhairt an tamadán iona chroidhe, Ní bhfuil Día ann. Truáilligh atáid síad, do níd éaigceart adhuathmhar: ní bhfuil áonduine do ní maith.

2. Dféuch Día ó neamh ar chloinn Adhaimh, dféachuin an raibh aon do thuicfeadh, nó díarrfadh Día.

3. Do chuáidh gach áon ar ccúl: atáid a néinfheachd truáilligh; ní bhfuil áonduine do ní maith, ní bhfuil, fós áonduine.

4. A bhfuil luchd oibrighthe urchóide gan éolus? noch itheas mo dhaóine mar ithid aran: agus ní ghoirid air an Ndía.

5. Ann sin do bhí eagla orra le húamhan, mar nach raibh eagla: óir do spréidh Día a chnámhasan noch do rinne campa ad aghaidhsi: do náirigh tú íad, do bhrígh gur dhiúlt Día íad.

6. O dá ttugthaói slánughadh Israel amach as Sion! A nuáir iompochus Día braighdeanas a dhaóine, do dhéana Iácob lúathgháir, agus Israel gáirdeachus.