Psailm 52 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Tairrgir ar dheireadh an droch chúirteóir.

Don phrímhfhear ceóil, Psalm teagaisg Dháibhi: a nuair tháinic Doeg an Tedomíteach, agus dinnis do Shaul, agus a dubhairt ris, tháinig Dá ibhi go tigh Ahimelech.

1. Cred fá ndéan tú uáill a nolc, a dhuine chumhachduigh? mairigh maitheas Dé ar feadh an laói.

2. Tionnsgnuidh do theanga urchóid; amhuil gérscían bhéarrtha, ag oibriughadh go cealgach.

3. Grádhuigh tú olc tair an maith; bréaga ós cionn labhairt go fíréunta. Selah.

4. Is ionmhuin leachd gach uile bhríathra urchóideacha, O a theangaidh mhillteach.

5. Mar an ccéadna scriosfuidh Día thú go brath, agus béaruidh seachad thú, agus tarrongfuidh thú as do pháilliún, agus beanfaidh do fhréumha as talamh na mbeo. Selah.

6. Do chífidh an fíréun mar an ccéadna, agus biáidh eagla air, agus do dhéana gáire fáoi:

7. Dearc, an nduine nach déarna a neart do Dhía; acht do chuir a dhóigh iona iomad saidhbhris, agus do neartuigh é féin iona chionntaibh.

8. Acht misi mar chrann ghlas oilibh a ttigh Dé: atá mo dhóigh a ttrócaire Dé go sáoghal na sáoghal.

9. Molfad thú go síorruidhe, do bhrígh go ndéarna tú sin: agus feithmhe mé ar hainm; óir is maith é ós coinne do náomh.