Psailm 38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

An treas psalm aithrighe.

Psalm Dháibhi do chur a ccoimhne.

1. A THIGHEARNA, ná himdhearg mé ann thfeirg: agus ná smachduigh mé ann do dhiomdha té.

2. Oír atáid do shoighde na seasamh go daingion ionnum, agus atá do lámh dom bhrughadh go doirbh.

3. Ní bhfuil sláinte ar bith ann mfeóil do bhrígh thfeirgesi; ní bhfuil síothcháin am chnámhuibh do bhrígh mo pheacaidh.

4. Oír do chúadar mo chionta ós mo cheann: mar úalach trom atáid ro throm agam.

5. Atáid mo chréachda morcuidhthe agus atáid bréun do bhrígh mo leimhe.

6. Atáim crotach; atáim ag cláonadh síos go hiomarcach; siubhluim a ndoilghios ar feadh an laói uile.

7. Oír atáid mo shlíasta dá losgadh; agus ní bhfuil falláine ar bith ann mfeóil.

8. Atáim anbhfann agus ar mo bhualadh go neimhneach: do nuáill mé ar son mhíoshuaimhnis mo chroidhe.

9. A THIGHEARNA, is ós do choinne atá mo mhían uile; agus níor folchadh mosnadhach ortsa.

10. Atá mo chroidhe luáimhneach, tréigidh mo neart mé: agus ní bhfuil solus féin mo shúl agam.

11. Seasaid máos grádha agus mo cháirde gan bheith a lathair mo bhuilleadh; agus seasaid mo ghaol a bhfad uáim.

12. Agus an luchd atá ag tóruigheachd ar manam cuirid paintéir romham: agus an drong íarras molc labhraid urchóid, agus smuainid cealga ar feadh an laói.

13. Acht misi, amhuil duine boghar, ní chluinim; agus mar dhuine bhalbh nach bhfosclann a bheul.

14. Mar so do bhi mé mar dhuine nach ccluinionn, agus ag nach bhfuil achmhusan iona bhéul.

15. Oír ionnadsa, a THIGHEARNA, cuirim mo dhóthchus: do bhéarair freagrá, ó a THIGHEARNA mo Dhía.

16. Oír a dubhrus, Deagla go ndéindís gáirdeáchus orum: a núair chorruigheas mo chos, móruighid íad féin am aghaidh.

17. Oír atáim ollamh chum bheith bacach, agus atá mo dhoilghios air maghaidh do ghnáth.

18. Oír foillseochaidh mé mo chionta; agus bíad dhoilghiosach air son mo pheacaidh.

19. Acht atáid mo náimhde béodha, atáid neartmhar: agus atáid ar na níomadughadh noch fhúathuighios mé go bréugach.

20. Agus an drong thoirbhearus olc ar son maitheasa atáid na naimhdibh agam; do bhrígh go leanuim an mhaith.

21. Ná tréig mé, a THIGHEARNA: mo Dhía, na bí a bhfad uáim.

22. Déana deithfir chum mfúrtachda, ó a THIGHEARNA mo shlánughadh.