Psailm 67 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Tairrghir ar ghairm na ccineadhach.

Don phrímhfhear ceóil ar Neginot, Psalm agus caintic.

1. Go raibh Día trócaireach dhúinn, agus go mbeannuighe sé sinn; agus deálradh sé a aghaidh oruinn. Selah.

2. Iondus go naitheantar do shlighe ar an ttalamh, do shlanughadh a measc na nuile chineadhach.

3. Molaidís na poibleacha thú, a Dhé; molaidís na poibleacha uile thú.

4. Do dhéanaid na cineadhacha lúathgháire agus béid gáirdeach: óir do dhéanair breitheamhnus air na daóinibh go ceart, agus tréorochuir na cineadhacha aír talamh. Selah.

5. Molaidís na poibleacha thú, a Dhé; molaidís na poibleacha uile thú.

6. Do bhéaruidh an talamh a bhiseach; beinneochaidh Día, ar Ndía sinn.

7. Beinneochaidh Dia sinn; agus biáidh a eagla air uile théorannuibh na talmhan.