Psailm 6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

An chéud Psalm aithrighe.

Don phrímhfhear ceóil air Neginot air Sheminit, Psalm Dháibhi.

1. O a THIGHEARNA, ná himdhearg mé ann thfeirg, agus ná smachduigh mé ann do mhíothaitneamh.

2. Déan trócaire orum, ó a THIGHEARNA; óir atáim lag: a THIGHEARNA, leighis mé; óir atáid mo chnámha buáidheartha.

3. Atá manam mar an ccéadna buáidheartha go mór: acht thusa, a THIGHEARNA, cá fad?

4. Iompóigh, a THIGHEARNA, fúasguil manam: ó sáor mé ar son do thrócaire.

5. Óir san mbás ní bhfuil éanchuimhne ort: annsa nuáigh cía bhéuras buidheachus duit?

6. Atáim tuirseach lem chneaduigh; air feadh na hoidhche cuirim mo leaba ar snámh; fliuchuim miomdhuigh lem dhéaruibh.

7. Do milleadh mo shúil le dubhachus; fásuidh seanda do bhrígh mo uile naimhde.

8. Imthighidh uáim, sibhsi a uile luchd déanta na néagcóra; óir do chúaluidh an TIGHEARNA guth mo éighmhe.

9. Do chúaluidh an TIGHEARNA mo ghearán; géubhuidh an THIGHEARNA rem urnaigh.

10. Bídís mo naimhde uile náireach agus ro bhuáidheartha: fillidís agus bídís náireach go hobann.