Psailm 76 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Mordhacht Dé, mar dhídinoir na heagluise.

Don phrímhfhear ceóil air Neginot, Psalm no caintic Asaph.

1. Aithnighthear Día ann Iúdah: is mór a ainm a Nísrael.

2. Agus a Sálem atá a pháilliún, agus a ionad comhnuidh a Síon.

3. Annsin do bhris sé saighde an bhogha, an sgíath, agus an cloidheamh, agus an cath. Selah.

4. Atá tú loinneardha agus oirdheirc ós cionn shléibhte na creiche.

5. Do creachadh na daóine meisneamhla a ccroidhe do chodladar a gcodladh: agus ní bhfúaradar na daóine cumhachdacha a lámha.

6. Réd iomaithbheara, a Dhé Iácob, do teilgiodh an carbad agus an teach ar áon a ccodladh mharbhthach.

7. Atá tusa, thusa féin úathbhásach: agus cia sheasfas ós do choinne a nam thféirge?

8. Thugais fa deara breitheamhnus do chloisdean ó neamh; do bhí eagla air an ttalamh, agus do bhí na chomhnuidhe.

9. A nuáir déirigh Día chum breitheamhnuis, do chumhdach dhaóine ceannsuigh ná talmhan uile. Selah.

10. Oír molfaidh díbhfhearg an duine thusa, toirmiosguidh tusa fuighioll a bhfeirge.

11. Móidigh, agus coimhlíonuidh don TIGHEARNA bhur Ndía: tugaidis gach a bhfuil na thimchioll tiodhlacadh chuigesion roimhe ar dúal a bheith faiteach.

12. Géarrfa sé thríd amach spiorad na bprionnsadh: is úathbhásach é do righthibh na talmhan.