Psailm 105 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Dioghluim as eachdardhaibh Israel, mur ath-chuimhne ar mhirbhuiltibh Dé.

1. Tugaidh búidheachus don TIGHEARNA; goiridh air a ainm: foillsighidh a measg na gcineadhach a ghníomhartha.

2. Canuidh dhó, canuidh psalm dhó: labhruidh air a iongantuibh uile.

3. Déanuidh glóir iona ainm náomhtha: déanadh a gcroidhesion gáirdeachus noch shirios an TIGHEARNA.

4. Iarruidh an TIGHEARNA, agus a neart: íarruidh a aghaidh a gcomhnuidhe.

5. Cuimhnighidh a ionganta noch do rinne sé; a chomharthadha, agus breitheamhnuis a bhéil;

6. Sibhsi a shíol Abrahaim a sheirbhiseach, sibhsi a chlann Iacob a áon tóghtha.

7. Is eision an TIGHEARNA ar Ndía: atáid a bhreitheamhnuis annsa talamh uile.

8. Cuimhnighidh sé go síorruidhe, a chunnradh an bhríathar noch do aithin sé go feadh míle ginealach.

9. Noch do cheangail sé le Abraham, agus a mhionna do Isaac;

10. Agus do dhaingnidh sé é do Iacob mar dhligheadh, do Israel mar chunnradh síorruidhe:

11. Gha rádh, Dhuitsi do bhéaras misi talamh Chánáan: line bhur noighreachta:

12. A nuáir do bhádar beagán daóine; ro bheagán, agus na gcoigcríochaibh ansin.

13. Agus do shiúbhladar ó chineadh go cineadh, ó rioghachd go daoinibh oile.

14. Níor fhulaing sé déanduine éagcoir do dhéanamh orra: acht thug aithfior air a son do ríghthibh;

15. Gha rádh, Ná beanaidh lém ungthachaibh, agus dom fháighibh na déanuidh dochar.

16. Agus do ghoir sé gorta air an ttalamh: agus do bhris sé a nuile stór aráin.

17. Agus do chuir sé duine rompa, Ioseph, noch do díoladh mar sheirbhiseach:

18. Do ghortuigheadar ris an ngeimhiol a chosa: do cuireadh a níarann é:

19. Gus a nam a ttáinic a bhríathar: do dheárbh glór an TIGHEARNA é.

20. Dfúagair an rígh agus do scaoileadh é; úachtarán na ndaóine, agus do leig é sáor úadh.

21. Do chuir sé é na THIGHEARNA air a thigh, agus na úachdaran iona shealbhuibh uile:

22. Do cheangail a phrionnsoidhe ar a thoil féin; agus a chomhairleacha chum go ndéanadh eagnuidhe íad.

23. Agus do chúaidh Israel don Négipt; agus do chomhnuidh Iácob a ttalamh Cham.

24. Agus thug air a dhaóinibh méadughadh go mór; agus do rinne íad ní bu láidre ná a naimhde.

25. Do iompóigh sé a ccroidhe chum a dhaoine dfúathughadh, agus chum meabhla do dhéanamh air a sheirbhíseachaibh.

26. Do chuir sé úadh Maóise a sheirbhiseach; agus Aaron noch do thogh sé féin.

27. Do chuireadarsan iona measg bríathra a chomharthadh, agus ionganta a ttalamh Cham.

28. Do chuir sé dorchadas chuca, agus do bhí sé dorcha; agus níor cheannairrgeadar a naghaidh a bhréithre.

29. Do iompoigh sé a nuisgeadha a bhfuil, agus do mharbh sé a níasg.

30. Thug a ttalamh amach luisgionna go líonmhar, a seomradhuibh codalta a ríghthe.

31. Do labhair sé, agus thainic cumasg do chuiléoguibh, míola iona ttéorannuibh uile.

32. Do rinne sé cloichshneachda da gceathaibh, teine lasardha iona ttalamh.

33. Agus do bhuáil sé a bhfíneamhuin agus a ccrann fíge; agus do bhris sé crainn a leithimil.

34. Do labhair sé, agus tháinic an lócuist, agus an caterpiller, agus níor bhféidir a náiriomh,

35. Agus a duádar a nuile luibh iona ttalamh, agus a duádar súas toradh a bhfearuinn.

36. Agus do bhuáil sé a gcéidgheine iona ttalamh, tosach a neirt úile.

37. Agus thug sé leis amach íad maille re hairgiod agus ré hór: agus ní raibh duine meirtneach ann a ttreabhuibh.

38. Do bhí an Négipt lúathgháireach a núair do imgheadar: óir do thuit a neagla orra.

39. Do leathnuigh sé néull mar fholach; agus teine do thabhairt soluis san noidhche.

40. Díarradar, agus thug se chugtha na gearragoirt, agus do shásuidh sé íad re harán ó neamh.

41. Dfosgail sé an charraic, agus do lingeadar na huisgeadha amach; do reathadar a náitibh tiorma mar shruth.

42. Oír do chuimhnigh sé bríathar a náomhthachda, do Abraham a sheirbhíseach.

43. Agus thug se leis amach a mhuinntír lé gáirdeachas, a dháoine toghtha lé lúathgháire;

44. Agus thug sé dhóibh fearann na gcineadhach: agus do ghabhadar sáothar na ndaoine mar oighreachd;

45. Iondus go ccongmhaidís a reachda, agus go ccoimhéadaidís a dhlighthe. Moluidhesi an TIGHEARNA.