Psailm 126 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Dobrón dhaóirsine Bhabiloin, ar na filleadh go haoibhneais.

Caintic chéimeadh.

1. Anuair do thug an TIGHEARNA braighdionas Síon air ais, bá cosmhuil sinn leis a ndroing do chídh aisling.

2. Annsin do líonadh ar mbéul ré gáireadha, agus ar tteanga ré lúathgháire: a dubhradar annsin a measg na gcineadhach, Do rinne an TIGHEARNA éachta móra dhóibh.

3. Do rinne an TIGHEARNA neithe móra linne; atamaóid lúathgháireach.

4. Iompoigh a rís a THIGHEARNA ar mbraighdionas, mar na srothaibh budh dheas.

5. An dream chuirios síol a ndéaruibh beanfaid a lúathgháire.

6. An té dimthigh amach go doilghiosach agus do ghuil, ag cur a shíl, tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a phunnann.