Psailm 149 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caintic bhuaghach na bfear bheannuighte, fadheire.

1. Moluidh an TIGHEARNA. Canuidh don TIGHEARNA caintic núadh, bíodh a mholadh a gciomhthionól na náomh.

2. Déanadh Israel lúathgháire iona crúthaightheóir: déindís clann Shíon sólas ann a Rígh.

3. Molaidís ainm air bpíob: air an tábur mbig agus air an gcláirsigh canaidis salm dhósan.

4. Oír atá dúil ag an TTIGHEARNA iona dhaóinibh: scéimhigh sé an ceannsuigh ré slanughadh.

5. Déanaidís na naóimh lúathgháire a nglóir: comhgháirdís iona leabuidh.

6. Bídh árdmholudh Dé ann a mbéul, agus cloidhíomh dhá fáobhar iona láimh;

7. Do dheanamh dioghaltais air na geintibh, smachtuighthe air na daóinibh;

8. Do cheangal a righthe lé slabhradhuibh, a nuaisle lé fáinnighibh íaruinn;

9. Do chur an bhreitheamhnuis scríobhtha a gcrích orra: is onóir so dhá náomhuibh uile. Moluidh an TIGHEARNA.