1. O a THIGHEARNA, ná himdhearg mé ann thfeirg, agus ná smachduigh mé ann do mhíothaitneamh.
2. Déan trócaire orum, ó a THIGHEARNA; óir atáim lag: a THIGHEARNA, leighis mé; óir atáid mo chnámha buáidheartha.
3. Atá manam mar an ccéadna buáidheartha go mór: acht thusa, a THIGHEARNA, cá fad?
4. Iompóigh, a THIGHEARNA, fúasguil manam: ó sáor mé ar son do thrócaire.
5. Óir san mbás ní bhfuil éanchuimhne ort: annsa nuáigh cía bhéuras buidheachus duit?
6. Atáim tuirseach lem chneaduigh; air feadh na hoidhche cuirim mo leaba ar snámh; fliuchuim miomdhuigh lem dhéaruibh.
7. Do milleadh mo shúil le dubhachus; fásuidh seanda do bhrígh mo uile naimhde.
8. Imthighidh uáim, sibhsi a uile luchd déanta na néagcóra; óir do chúaluidh an TIGHEARNA guth mo éighmhe.