Psailm 52:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Cred fá ndéan tú uáill a nolc, a dhuine chumhachduigh? mairigh maitheas Dé ar feadh an laói.

2. Tionnsgnuidh do theanga urchóid; amhuil gérscían bhéarrtha, ag oibriughadh go cealgach.

3. Grádhuigh tú olc tair an maith; bréaga ós cionn labhairt go fíréunta. Selah.

4. Is ionmhuin leachd gach uile bhríathra urchóideacha, O a theangaidh mhillteach.

5. Mar an ccéadna scriosfuidh Día thú go brath, agus béaruidh seachad thú, agus tarrongfuidh thú as do pháilliún, agus beanfaidh do fhréumha as talamh na mbeo. Selah.

6. Do chífidh an fíréun mar an ccéadna, agus biáidh eagla air, agus do dhéana gáire fáoi:

Psailm 52