Psailm 105:7-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Is eision an TIGHEARNA ar Ndía: atáid a bhreitheamhnuis annsa talamh uile.

8. Cuimhnighidh sé go síorruidhe, a chunnradh an bhríathar noch do aithin sé go feadh míle ginealach.

9. Noch do cheangail sé le Abraham, agus a mhionna do Isaac;

10. Agus do dhaingnidh sé é do Iacob mar dhligheadh, do Israel mar chunnradh síorruidhe:

Psailm 105