5. agus dúirt sé leis: “Cér díobh thú, a ógánaigh?” “Iosraelach is ea mé,” ar seisean leis, “duine de do lucht gaoil féin; is amhlaidh a tháinig mé anseo ag lorg oibre.” “An eol duit an tslí chun na Méide?” d'fhiafraigh Tóibias de.
6. “Is eol dom go deimhin,” ar seisean, “bhí mé ann go minic cheana; tá seanaithne agam ar an áit agus is eol dom na bealaí go léir chuige. Is minic a thaistil mé chun na Méide agus chuirinn fúm i dteach ár bhfir ghaoil, Gabael, fear atá ina chónaí i Raigéis na Méide. Tá Raigéis aistear dhá lá iomlána ó Eacbatana (agus tá sé suite sna sléibhte).”
7. Dúirt Tóibias leis ansin: “Fan liom anseo, a ógánaigh, nó go rachaidh mé isteach chun é seo a insint do m'athair; mar tá tú ag teastáil uaim chun dul in éineacht liom agus, dar ndóigh, tabharfaidh mé luach saothair duit.”
8. “Tá go maith,” d'fhreagair Rafael, “fanfaidh mé leat ach na déan moill.”
9. Chuaigh Tóibias isteach ansin agus d'inis sé an scéal go léir dá athair, á rá: “Táim tar éis Iosraelach a fháil chun dul liom; duine dar lucht gaoil féin is ea é.” “Glaoigh isteach chugam é, a mhic,” arsa a athair leis, “is mian liom a fháil amach cad iad an chlann agus an treibh ar díobh é agus an bhfuil sé iontaofa go leor chun dul leat.” D'imigh Tóibias amach arís ansin agus ghlaoigh sé an fear chuige, á rá: “Is mian le m'athair labhairt leat, a ógánaigh.”