Tóibít 5:9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Chuaigh Tóibias isteach ansin agus d'inis sé an scéal go léir dá athair, á rá: “Táim tar éis Iosraelach a fháil chun dul liom; duine dar lucht gaoil féin is ea é.” “Glaoigh isteach chugam é, a mhic,” arsa a athair leis, “is mian liom a fháil amach cad iad an chlann agus an treibh ar díobh é agus an bhfuil sé iontaofa go leor chun dul leat.” D'imigh Tóibias amach arís ansin agus ghlaoigh sé an fear chuige, á rá: “Is mian le m'athair labhairt leat, a ógánaigh.”

Tóibít 5

Tóibít 5:6-10