Síorach 20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Tost

1. Tá an ceartú míthráthúil ann,agus an duine ciúin ann atá ciallmhar freisin.

2. Nach fearr go mór ceartú a dhéanamh ná fanacht i bhfearg!an té a admhaíonn a locht, cosnaítear ar an olc é.

3. (Nach breá é aithrí a dhéanamh go follas nuair a cheartaítear thú,mar ansin seachnóidh tú peaca d'aontoisc.)

4. Is geall le coillteán ag tnúth le maighdean a mhilleadh,an té a bhíonn ag cur a cháis in iúl le láimh láidir.

5. Bíonn duine ann a fhanann ina thost agus faigheann sé cáil na heagna;bíonn duine eile béalscaoilteach, agus tugtar fuath dó.

6. Fanann duine ina thost mar nach mbíonn freagra aige;fanann duine eile ina thost mar go mbíonn fios na faille aige.

7. Fanfaidh an saoi ina thost nó go dtaga a uain;ach an bladhgaire baoth, ní aimsíonn sé an uain cheart.

8. Beidh an ghráin ar an té a bhíonn róchainteach,agus tabharfar fuath don té a théann thar fóir le caint.

Seo agus Siúd

9. Bíonn duine ann ar a dtagann an rath agus é faoi bhráca;agus is féidir d'fháltas gan choinne dul chun dochair.

10. Bíonn tabhartas nach dtéann chun sochair,agus ceann eile ar a mbíonn toradh faoi dhó.

11. Bíonn dochar ann de bhíthin glóíre,agus bíonn daoine a fhaigheann ardú cinn ó lár na hainnise.

12. Bíonn fear ann a cheannaíonn a lán ar an mbeagán,ach a dhíolann as faoi seacht.

13. Tuilleann an saoi cion de bharr a chuid cainte,ach téann comaoin na ndaoithe amú.

14. Ní rachaidh tabhartas an amadáin chun tairbhe duit,óir tá mórchuid súl aige in áit an aoin.

15. Is beag a bhronnann sé ach is mór a cháineann;bíonn a chlab ar leathadh dála an challaire;tugann sé iasacht inniu, agus éilíonn í ar ais amárach;duine gránna a leithéid.

16. Déarfaidh an daoi: “Níl cara agam,agus níl aon bhuíochas orm de bharr mo dheabhearta;

17. An mhuintir a itheann [mo] chuid aráin, tá teanga shuarach acu”;nach iomaí duine a dhéanann fonóid faoi, agus nach minic!

Caint Bhaoth

18. Is fearr tuisle ar an tsráid ná tuaiplis ar an teanga;mar sin a thagann tubaiste sa mhullach ar dhroch-dhaoine gan mhoill.

19. Fear tútach, is cuma é nó scéal á insint in antráth,agus á reacadh gan stad ag aineolaigh.

20. Faigheann seanfhocal ó bhéal daoi an diúltú,mar nach san uain cheart a deir sé é.

21. An té a gcoisceann an bhochtaine air peaca a dhéanamh,ní bhíonn aon bhuaireamh aigne air nuair a ligeann sé a scíth.

22. An té a ídíonn é féin le barr náire,déanann sé amhlaidh ar son tuairim duine bhaoth.

23. An té a thugann gealltanas do chara trí náire,déanann sé namhaid dó féin in aisce.

Éitheach

24. Máchail ghránna ar dhuine an t‑éitheachach bíonn sé i gcónaí ar bhéal na n‑ainbhiosán.

25. Is fearr gadaí ná bréagaire buan;ach tá an tubaiste i ndán dóibh araon.

26. Is gránna é nós an bhréagaire,agus ní scarann a náire leis go brách.

An Saoi

27. Cuireann an saoi é féin chun cinn lena bhriathra;tabharfaidh an duine ciallmhar taitneamh do fhlatha.

28. An té a shaothraíonn an talamh, beidh fómhar fial aige; 29 agus an té a thugann taitneamh do fhlatha, maithfear a choir dó.

29. Déanann bronntanais agus tabhartais súile na saoithe a dhalladh,agus múchann siad gearáin mar a dhéanfadh pusachán.

30. Eagna faoi cheilt nó ciste i bhfolach -cén tairbhe ceachtar díobh?

31. Is fearr an té a cheileann a bhaoisná an té a cheileann a ghaois.