Síorach 16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Mí-Ádh an Éagráifigh

1. Ná bí ag tnúth le slua leanbh gan mhaith,agus ná cuireadh clann mhac éagráifeach lúcháir ort.

2. Má théann siad i líonmhaire, ná cuiridís lúcháir ort,mura bhfuil eagla an Tiarna orthu.

3. Ná cuir do mhuinín as fad saoil dóibh,agus ná bí ag brath ar a líon,óir is fearr duine aonair ná míle,agus is fearr bás gan leanbh ná a bheith beo le clann éagráifeach.

4. Óir líonfaí cathair le síol aon duine amháin eagnaí,ach d'fhágfadh treibh choirpeach ina fásach í.

5. Is iomaí ní den sórt sin a chonaic mé le mo shúile cinn,agus is éachtaí fós ná iad a bhfuil cloiste ag mo chluais.

6. I gcomhthionól peacach lasfar tine,agus i gcine easumhal adhnadh fraoch feirge.

7. Níor mhaith sé do na fathaigh anallód,nuair a rinne siad ceannairc le teann nirt.

8. Ní dhearna sé anacal ar chomharsana Lót,mar bhí an ghráin aige orthu de bharr a n‑uabhair.

9. Ní raibh trua aige don chine a raibh scrios i ndán dóibh,agus a milleadh trína gcionta féin;

10. Ná don sé chéad míle troitheach,a dhlúthaigh le chéile le barr croídháine.

11. Mura mbeadh ann ach aon duine amháin ceanndána,ba ionadh dá rithfeadh leis gan phionós;mar tá trócaire agus fearg le chéile i seilbh [an Tiarna],agus is tréan é le maitheamh agus le fearg a dhoirteadh amach.

12. Is mór í a thrócaire ach is mór í a dhéine chomh maith,tugann sé breith ar gach duine de réir a oibreacha.

13. Ní éalóidh an coirpeach lena chreach,ná ní rachaidh foighne an fhíréin amú;

14. Beidh a áit féin ag gach beart trócaireach;déanfar cúiteamh le gach duine de réir a oibreacha.

15. (Chruaigh an Tiarna croí Fhorainn i dtreo nár aithin sé é,i dtreo go mba eol a oibreacha faoi stua na spéire.

16. Nochtann a thrócaire í féin don chruthaíocht uile;roinn sé a sholas agus a dhorchadas ar dhaoine.)

Díoltas

17. Ná habair: “Rachaidh mé i bhfolach ón Tiarna;cé a chuimhneoidh orm ansiúd thuas?Ní thabharfar faoi deara mé i slua chomh mór leis seo;céard é mise sa chruthaíocht gan teorainn?”

18. Féach, crithfidh an spéir agus spéir na spéartha,an duibheagán agus an talamh nuair a dhéanfaidh sé fiosrú.

19. Tagann creathán agus suaitheadh ar na sléibhte freisin agus ar uaithní na cruinne,nuair a fhéachann sé orthu.

20. Níl aon duine le machnamh ar na nithe seo ina chroí,agus cé tá le scrúdú a dhéanamh ar a bhealaí?

21. Dála an ghála atá dofheicthe ann féin,tá formhór a ndéanann sé i bhfolach.

22. “Cé a fhógróidh bearta na córa?cé a fhanfaidh leo? mar is fada uainn an conradh.”

23. Sin mar a mheasann an té atá ar bheagán tuisceana,an fear gan chiall gan stiúir ar baoth iad a smaointe.

An Chruthaíocht

24. Éist liom anois, a mhic, agus faigh greim ar an eolas;tabhair aird go cruinn ar mo bhriathra.

25. Déanfaidh mé teagasc a dháileadh go tomhaiste,agus eolas a fhógairt go beacht.

26. Nuair [a chruthaigh] Dia a oibreacha i dtús báireroinn sé orthu a bpáirteanna a luaithe a chum sé iad.

27. D'eagraigh sé a oibreacha le haghaidh na síoraíochta,óna dtúsú go dtí na glúine i bhfad anonn;ní thagann ocras ná tuirse orthu,ná ní scoireann siad dá saothar.

28. Ní bhíonn siad ag brú a chéile i leataobh,ná ní bheidh siad go brách easumhal dá bhriathar.

29. Ansin d'fhéach an Tiarna ar an talamh,agus líon é lena nithe fónta.

30. Chlúdaigh sé aghaidh na talún le gach sórt ainmhí,agus is uirthi a bhíonn a dtriall ar ais.