Síorach 16:10-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ná don sé chéad míle troitheach,a dhlúthaigh le chéile le barr croídháine.

11. Mura mbeadh ann ach aon duine amháin ceanndána,ba ionadh dá rithfeadh leis gan phionós;mar tá trócaire agus fearg le chéile i seilbh [an Tiarna],agus is tréan é le maitheamh agus le fearg a dhoirteadh amach.

12. Is mór í a thrócaire ach is mór í a dhéine chomh maith,tugann sé breith ar gach duine de réir a oibreacha.

13. Ní éalóidh an coirpeach lena chreach,ná ní rachaidh foighne an fhíréin amú;

14. Beidh a áit féin ag gach beart trócaireach;déanfar cúiteamh le gach duine de réir a oibreacha.

15. (Chruaigh an Tiarna croí Fhorainn i dtreo nár aithin sé é,i dtreo go mba eol a oibreacha faoi stua na spéire.

16. Nochtann a thrócaire í féin don chruthaíocht uile;roinn sé a sholas agus a dhorchadas ar dhaoine.)

17. Ná habair: “Rachaidh mé i bhfolach ón Tiarna;cé a chuimhneoidh orm ansiúd thuas?Ní thabharfar faoi deara mé i slua chomh mór leis seo;céard é mise sa chruthaíocht gan teorainn?”

18. Féach, crithfidh an spéir agus spéir na spéartha,an duibheagán agus an talamh nuair a dhéanfaidh sé fiosrú.

19. Tagann creathán agus suaitheadh ar na sléibhte freisin agus ar uaithní na cruinne,nuair a fhéachann sé orthu.

20. Níl aon duine le machnamh ar na nithe seo ina chroí,agus cé tá le scrúdú a dhéanamh ar a bhealaí?

21. Dála an ghála atá dofheicthe ann féin,tá formhór a ndéanann sé i bhfolach.

22. “Cé a fhógróidh bearta na córa?cé a fhanfaidh leo? mar is fada uainn an conradh.”

23. Sin mar a mheasann an té atá ar bheagán tuisceana,an fear gan chiall gan stiúir ar baoth iad a smaointe.

24. Éist liom anois, a mhic, agus faigh greim ar an eolas;tabhair aird go cruinn ar mo bhriathra.

Síorach 16