Seanfhocal 17:13-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith,ní dhíbreoidh sé an t‑olc óna theach.

14. Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile;buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.

15. An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh,is gráin leis an Tiarna iad araon.

16. Cén tairbhe airgead i láimh an amadáinle gaois a cheannach, agus é gan chiall?

Seanfhocal 17