Seanfhocal 17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is fearr crústa tur agus síocháin,ná teach fleá agus ceannairc.

2. Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac;beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta.

3. Don airgead an breogán, don ór an sorn;ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.

4. Éisteann an t‑urchóideach le béal mailíseach,agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin.

5. Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht;an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.

6. Sliocht a sleachta coróin na sean;a n‑athair glóir na clainne.

7. Ní oireann béal soilbhir don bhaoth,ach is lú ná sin a oireann éitheach don phrionsa.

8. Buachloch breab dar le fear a bronnta;ritheann leis cibé slí a chasann sé.

9. An té a mhaitheann coir, spreagann sé grá;ach an té thagraíonn arís di, cuireann sé cairde in earraid.

10. Fágann ceartú rian níos déine ar an bhfear tuisceanach,ná mar a fhágann céad buille ar an amadán.

11. Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc,cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin.

12. B'fhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileánná ar amadán i mbun a bhaoise.

13. An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith,ní dhíbreoidh sé an t‑olc óna theach.

14. Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile;buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.

15. An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh,is gráin leis an Tiarna iad araon.

16. Cén tairbhe airgead i láimh an amadáinle gaois a cheannach, agus é gan chiall?

17. Is cara cara i gcónaí,ach is d'uain na hainnise a shaolaítear deartháir.

18. An fear gan chiall tugann sé gillagus téann i mbannaí lena chomharsa.

19. An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí];fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde.

20. Ní bhíonn sonas i ndán d'fhear an chroí chlaoin;titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí.

21. Cúis bhróin dá athair an baothán mic;níl lúcháir i ndán d'athair amadáin.

22. Oideas fónta an croí meidhreach;seirgeann na cnámha le heaspa misnigh.

23. Glacann an t‑urchóidí breab faoi scáth brait,leis an gcóir a chur dá treoir.

24. Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe,ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne.

25. Ábhar dóláis dá athair mac baoth,agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é.

26. Níl sé cóir pionós a chur ar an bhfíréan,ach is measa fós an t‑uasal a bhualadh.

27. Tá eolas ag an té ar féidir leis smacht a chur ar a theanga;coimeádann an fear tuisceanach smacht air féin.

28. Bíonn cáil na heagna fiú ar an amadán má choimeádann sé a bhéal dúnta;nuair nach mbíonn focal as, meastar go bhfuil sé cliste.