Salm 48:8-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadhloingeas Thairsís.

9. Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamari gcathair ár nDé;i gcathair Thiarna na sluaa dhaingnigh Dia go deo.

10. Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia,i gceartlár do theampaill.

11. Leathann do mholadh, ar nós d'ainm, a Thiarna,go críocha na cruinne.Is lán do dheaslámh d'fhíréantacht;

12. gairdíonn Cnoc Shíón.Tá áthas ar iníonacha Iúdáde bharr do bhreithiúnais.

13. Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeallcomhairigí a túir.

14. Breathnaigí a rampair chosanta;scrúdaigí a dúnfoirt,go n‑inseoidh sibh don ghlúin atá le teacht:

15. is mar sin dár nDia.Is é ár nDia é go brách na breitheagus ár dtreoraí go deo.

Salm 48