Salm 19:2-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Fógraíonn na spéartha glóir Déagus foilsíonn an fhirmimint saothar a lámh.

3. Insíonn na laethanta an scéal dá chéileagus tugann na hoícheannta an t‑eolas dá chéile.

4. Ní chluintear caint ná canúint ná briathar

5. cé go ngabhann a nglór i ngach uile thíragus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne.Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian

Salm 19