1. Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:
2. “Nuair a bhíonn at nó gearb nó spota ar chneas duine, ní mór a bheith in amhras faoi lobhra chnis. Ní foláir an duine a bhreith chun Árón an sagart, nó go duine dá chlann mhac is sagart.
3. Ní foláir don sagart an galar cnis a iniúchadh. Má bhíonn an fionnadh san áit galraithe liata, agus má bhíonn an galar ag dul sa bheo, ansin go deimhin is cás lobhra é, agus tar éis a scrúdaithe caithfidh an sagart an t‑othar a fhógairt neamhghlan.
4. Ach má bhíonn an spota bán ar an gcneas agus gan de dhealramh air a bheith ag dul níos doimhne sa bheo, agus nach bhfuil an fionnadh air liata, cuireadh an sagart an t‑othar ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá.
5. Déanadh an sagart é a scrudú arís ar an seachtú lá, agus más dóigh leis go bhfuil an galar ceansaithe, gan leathadh in aon bhall eile, cuireadh sé ar leithrigh leis féin é ar feadh seacht lá eile.
6. Déanadh an sagart iniúchadh air arís an seachtú lá, agus má bhíonn an ball tinn gan luisne agus gan leathadh ar an gcraiceann, ansin fograíodh an sagart an duine glan. Níl ann ach gearb; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan.
7. Ach má leathann an ghearb ar an gcraiceann tar éis don othar é féin a thaispeáint don sagart agus é a fhógairt glan, tagadh sé i láthair an tsagairt arís.