Ní foláir don sagart an galar cnis a iniúchadh. Má bhíonn an fionnadh san áit galraithe liata, agus má bhíonn an galar ag dul sa bheo, ansin go deimhin is cás lobhra é, agus tar éis a scrúdaithe caithfidh an sagart an t‑othar a fhógairt neamhghlan.