Matha 9:3-16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

3. Agus b'shiúd cuid de na scríobhaithe ag rá ina n‑intinn féin, “Tá an fear seo ag caitheamh masla ar Dhia.”

4. Ach ba léir d'Íosa na smaointe a bhí ina gcroíthe, agus dúirt sé, “Cad chuige a mbíonn na drochsmaointe seo agaibh in bhur gcroíthe?

5. Cé acu is fusa, a rá, ‘Tá do pheacaí maite,’ nó a rá, ‘Éirigh, agus siúil.’

6. Ach sa chaoi go mbeidh fhios agaibh an t‑údarás atá ag Mac an duine ar an talamh le peacaí a mhaitheamh”— ar seisean ansin leis an bpairiliseach—“Éirigh, tóg ort do leaba agus siúil leat abhaile.”

7. Agus leis sin d'éirigh sé agus shiúil sé abhaile.

8. Nuair a chonaic na sluaite sin, bhí eagla orthu, agus thugadar glóir do Dhia, a thug a leithéid d'údarás do dhaoine.

9. Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh as sin, chonaic sé fear a raibh Matha mar ainm air ina shuí in oifig na gcánacha; agus ar seisean leis, “Lean mise,” Agus d'éirigh sé agus lean sé é.

10. Nuair a shuigh sé ag bord sa teach, tháinig mórán bailitheoirí cánacha agus peacaigh gur shuigh fúthu i gcuideachta Íosa agus a dheisceabal.

11. Agus nuair a chonaic na Fairiséigh sin, d'fhiafraigh siad dá dheisceabail, “Cad chuige a mbíonn oide bhur muinte ag ithe le bailitheoirí cánacha agus peacaigh?”

12. Ach nuair a chuala seisean é, dúirt sé, “Níl feidhm lia ar an dream atá ina sláinte, ach ar an dream atá breoite.

13. Imigí go bhfoghlaimí sibh cad é is ciall don rá sin, ‘Trócaire agus ní iobairt is mian liom.’ Níor tháinig mise a ghlaoch ar na fíréin, ach ar na peacaigh.”

14. Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin, agus dúirt siad leis, “Cad chuige a mbíonn sinne agus na Fairiséigh ag déanamh troscaidh, ach ní dhéanann do dheisceabailse troscadh?”

15. Agus dúirt Íosa leo, “Conas a fhéadann lucht na bainise bheith brónach chomh fada agus a bhíonn an fear nuaphósta leo? Tiocfaidh na laethanta a n‑ardófar uathu an fear nuaphósta, agus déanfaidh siad troscadh ansin.

16. Mar ní chuireann duine ar bith píosa neamh-chraptha ar sheanéadach, nó imíonn an paiste den éadach, agus is measa an stróiceadh.

Matha 9