20. Agus b'shiúd bean a mbíodh rith fola uirthi i rith dhá bhliain déag a tháinig aníos ar a chúl amach agus a leag méar ar fhrainse a fhallainge;
21. mar dúirt sí ina hintinn féin, “Slánófar mé, ach mé mo mhéar a chuimilt dá fhallaing.”
22. Thiontaigh Íosa thart, agus nuair a chonaic sé í dúirt sé léi, “Ná bíodh aon imní ort, a iníon; shlánaigh do chreideamh féin thú.” Agus rinneadh an bhean slán folláin ón uair sin amach.
23. Agus nuair a shroích Íosa teach an rialtóra, agus nuair a chonaic sé lucht seinnte na bhfideog, agus an slua agus an gleo a bhí acu,
24. dúirt sé leo, “Imigí libh, ní marbh ach ina codladh atá an cailín.” Agus rinne siad ábhar gáire de.
25. Ach nuair a bhí an slua curtha amach, chuaigh seisean isteach gur rug ar a láimh, agus d'éirigh an cailín ina seasamh.
26. Agus chuaigh an t‑iomrá ar fud na tíre úd.
27. Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh leis as an áit úd, lean beirt dhall é, agus iad ag glaoch in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí.”
28. Nuair a chuaigh sé isteach sa teach, tháinig na daill go dtí é; agus d'fhiafraigh Íosa díobh, “An gcreideann sibh gur féidir liom sin a dhéanamh?” Dúirt siad leis, “Creidimid é, a Thiarna.”
29. Chuir sé a mhéar ar a súile ansin, agus dúirt sé, “Déantar libh de réir mar atá creidte agaibh.”
30. Agus osclaíodh a súile. Agus bhagair Íosa go dian orthu, “Tugaigí aire nach mbíonn a fhios ag aon duine.”
31. Ach is é rud, d'imigh siad leo gur scaip a chlú ar fud na tíre úd.