Matha 9:1-9 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Chuaigh sé ar bord báid ansin gur tháinig anall go dtí a chathair féin.

2. Agus b'shiúd iad ag iompar pairilisigh chuige, agus é ina luí ar a leaba; agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, ar seisean leis an bpairiliseach, “Tóg suas do chroí, a mhic; tá do pheacaí maite.”

3. Agus b'shiúd cuid de na scríobhaithe ag rá ina n‑intinn féin, “Tá an fear seo ag caitheamh masla ar Dhia.”

4. Ach ba léir d'Íosa na smaointe a bhí ina gcroíthe, agus dúirt sé, “Cad chuige a mbíonn na drochsmaointe seo agaibh in bhur gcroíthe?

5. Cé acu is fusa, a rá, ‘Tá do pheacaí maite,’ nó a rá, ‘Éirigh, agus siúil.’

6. Ach sa chaoi go mbeidh fhios agaibh an t‑údarás atá ag Mac an duine ar an talamh le peacaí a mhaitheamh”— ar seisean ansin leis an bpairiliseach—“Éirigh, tóg ort do leaba agus siúil leat abhaile.”

7. Agus leis sin d'éirigh sé agus shiúil sé abhaile.

8. Nuair a chonaic na sluaite sin, bhí eagla orthu, agus thugadar glóir do Dhia, a thug a leithéid d'údarás do dhaoine.

9. Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh as sin, chonaic sé fear a raibh Matha mar ainm air ina shuí in oifig na gcánacha; agus ar seisean leis, “Lean mise,” Agus d'éirigh sé agus lean sé é.

Matha 9