7. “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí agus gheobhaidh sibh; buailigí ar an doras, agus osclófar romhaibh é.
8. Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach sroicheann, ná duine dá mbuaileann ar dhoras nach n‑osclaítear roimhe.
9. Mar cé agaibh a thabharfas cloch dá mhac, agus é ag iarraidh aráin air?
10. Nó a thabharfas nathair nimhe dó, agus é ag iarraidh éisc?
11. Más eol daoibh, olc is mar atá sibh, dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach móide go mór a thabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh na dea-nithe don dream a bhíos á n‑iarraidh air?
12. Mar sin, déanaigí le daoine mar ba mhaith libh iad a dhéanamh libh; mar is é sin an dlí agus na fáithe.
13. “Gabhaigí isteach ar an ngeata cúng; mar is fairsing an geata agus is réidh an bealach a thugann chun an léirscríosta, agus is iomaí sin duine a théas isteach ann.