Matha 6:22-29 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. “Is í an tsúil crann solais na colainne. Dá bhrí sin de, más slán do shúil, beidh do cholainn uile lán den solas;

23. ach más easlán do shúil, beidh an dorchadas ar fud do cholainne uile. Agus má tá a bhfuil de sholas ionat ina dhorchadas, cad é atá chomh mór leis an dorchadas úd!

24. “Ní féidir do dhuine ar bith bheith ar fostú ag an dá mháistir; mar tabharfaidh sé fuath d'fhear acu agus grá don fhear eile, nó déanfaidh sé a mhór de dhuine acu agus a bheag den duine eile. Ní féidir daoibhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag an saibhreas saolta.

25. “Deirimse libh dá bhrí sin, gan bheith imníoch i dtaobh bhur mbeatha, faoi cad é a bheas agaibh le n‑ithe ná le n‑ól, ná i dtaobh bhur gcoirp faoi cad é a bheas agaibh le cur air. Nach mó an beo ná an bia, agus nach mó an corp ná an t‑éadach?

26. Féachaigí éanlaith an aeir: ní bhíonn siad ag cur ná ag baint ná ag cruinniú isteach in iothlainneacha, ach ní lúide a bhíonn bhur nAthair neamhaí ag coinneáil bia leo. Nach fiú níos mó sibhse ná iad?

27. Agus cé agaibh a bhfuil a imní in inmhe aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?

28. Agus cad chuige daoibh imní a bheith oraibh i dtaobh na n‑éadaí? Déanaigí machnamh ar lilí an mhachaire, agus ar an bhfás a thagann fúthu; ní dhéanann siad saothar ná sníomh;

29. ach tá mise á insint daoibh, nach raibh Solamh féin faoi iomlán a mhaise chomh gléasta le haon lile acu seo.

Matha 6