Matha 6:2-18 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. “Mar sin de, nuair a bhionn tú ag déanamh déirce, ná séid an stoc romhat, mar a dhéanann lucht na bréagchráifeachta sna sionagóga agus sna sráideanna, ionas go bhfaighidh siad moladh ó dhaoine. Deirim libh go fíor, bíonn a luach saothair féin acu.

3. Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh déirce, ná bíodh fios gnótha na láimhe clé ag an láimh dheas,

4. ionas go mbí do dhéirc faoi cheilt; agus tabharfaidh d'Athair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach do shaothair duit.

5. “Agus nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí mar lucht na cráifeachta bréige; an dream ar fearr leo bheith ina seasamh ag guí sna sionagóga agus i gcoirnéil na sráideanna, ionas go bhfeice na daoine iad. Deirim libh go fíor go mbíonn a luach saothair féin acu.

6. Ach nuair a bhíonn tusa ag dul a ghuí, gabh isteach i do sheomra agus druid an doras ort féin agus guigh chun d'Athar atá faoi cheilt; agus tabharfaidh d'Athair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit.

7. “Agus ag guí daoibh, ná déanaigí deilín mór fada di ar nós na nGintlithe; a shíleas go bhfaighidh siad éisteacht as méid a mbriathar.

8. Ná déanaigí aithris orthu siúd, mar tá a fhios ag bhur nAthair cad é atá uaibh sula mbíonn sibh á iarraidh.

9. Dá bhrí sin de, bígí ag guí mar seo:Ár nAthair atá ar neamh,bíodh d'ainm á naomhú,

10. bíodh do ríocht ag teacht,bíodh do thoil á déanamhar an talamh mar atá ar neamh.

11. Tabhair dúinn inniu ár n‑arán laethúil;

12. Agus maith dúinn ár bhfiacha,mar atá maite againn dár bhféichiúnaithe;

13. Agus ná lig sinn i gcathúAch saor sinn ó olc.

14. Mar má mhaitheann sibh a gcionta do dhaoine, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh freisin;

15. ach mura maitheann sibh a gcionta do na daoine, ní mhaithfidh bhur nAthair neamhaí bhur gcionta daoibh ach oiread.

16. “Nuair a bhíonn sibh ag déanamh troscaidh, ná bíodh dreach gruama oraibh, mar lucht na bréagchráifeachta, a chuireas míghnaoi ar a ngnúiseanna ionas go mba léir do dhaoine iad a bheith ag déanamh troscaidh.

17. Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh troscaidh, ung do cheann agus nigh d'aghaidh,

18. ionas nach bhfeice na daoine do throscadh ach go bhfeice d'Athair a bhíos faoi cheilt; agus tabharfaidh d'Athair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit.

Matha 6