9. agus ná bíodh sé de dhánacht agaibh a rá in bhur n‑intinn féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia na clocha seo a chur ina seasamh agus clann Abrachaim a dhéanamh díobh.
10. Agus anois féin tá béal na tua leagtha anuas ar bhun na gcrann; agus beidh an crann nach dtugann dea-thoradh uaidh á ghearradh anuas agus á chaitheamh isteach sa tine.
11. “Bímse do bhur mbaisteadh in uisce chun aithrí, ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is mó é ná mise, agus ní fiú mé a chuaráin a iompar; déanfaidh seisean bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh agus leis an tine.
12. Tá an dallán ina láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus cruinneoidh sé a chruithneacht isteach san iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine nach múchtar.”