Matha 26:55-73 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

55. San uair chéanna arsa Íosa leis na sluaite, “Ar tháinig sibh amach do mo ghabháil agus claímhte agus bataí agaibh, ionann is dá mbeadh sibh ag teacht amach in éadan bithiúnaigh éigin? Bhí mé i mo shuí ó lá go chéile sa teampall agus mé ag teagasc, agus gan sibh mé a ghabháil.

56. Ach tharla seo uile ionas go gcomhlíonfaí scríbhinní na bhfáithe.” Ba ansin a thréig na deisceabail uile é agus a d'éalaigh siad leo.

57. An dream a ghabh Íosa, threoraigh siad ansin é chuig teach Chaiafas an t‑ardsagart, áit a raibh na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe.

58. Ach lean Peadar é tamall uaidh, chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus chuaigh sé isteach gur shuigh faoi i gcuideachta na ngardaí go bhfeicfeadh sé an deireadh a bheadh air.

59. Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fíanaise bhréige a fháil in aghaidh Íosa ionas go gcuirfeadh siad chun báis é,

60. ach ní bhfuair siad aon fhíanaise ina éadan, cé gur tháinig mórán finnéithe bréige chun tosaigh. Sa deireadh tháinig beirt chun tosaigh

61. agus dúirt siad, “Dúirt an duine seo, ‘Is féidir liom teampall Dé a scríosadh agus a thógáil arís i seal trí lá.’”

62. Agus d'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh agus dúirt sé, “Nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin a dhearbhaíos na fir seo i d'éadan?”

63. Ach bhí Íosa ina thost. Agus dúirt an t‑ardsagart leis, “Cuirim ort, as ucht an Dé bhí, a insint dúinn más tú an Críost, Mac Dé.”

64. Dúirt Íosa leo, “Is tú a dúirt é. Ach insím duit, go bhfeicfidh tú san am atá romhainn Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.”

65. Réab an t‑ardsagart a róbaí ansin, agus dúirt sé, “Tá diamhasla ráite aige lena bhéal. Cad é an gnó atá agaibh le tuilleadh finnéithe? Tá sibh anois tar éis an diamhasla sin a chluinstín óna bhéal.

66. Cad i an bhreith a thugas sibh?” D'fhreagair siadsan, “Tá an bás tuillte aige.”

67. Chaith siad a seile ar a leiceann ansin, agus bhuail siad é; agus bhuail cuid acu lena mbosa é,

68. á rá, “Déan fáistine dúinn, tusa atá i do Chríost? Cé hé sin a bhuail thú?”

69. Anois bhí Peadar ina shuí amuigh sa chúirt. Agus tháinig cailín aimsire aníos chuige, agus dúirt sí, “Bhí tusa i gcuideachta Íosa Galailéigh freisin.”

70. Ach shéan sé é os comhair an iomláin acu, agus dúirt sé, “Ní thuigim cad é atá tú á rá.”

71. Agus nuair a chuaigh sé amach sa phóirse, chonaic cailín aimsire eile é, agus dúirt sí leis na fir a bhí ina seasamh thart, “Bhí an duine seo i gcuideachta Íosa an Nasarthach.”

72. Agus shéan sé arís é agus thug sé míonna, “Níl aithne agam ar an duine úd.”

73. Tamall gairid ina dhiadh sin tháinig na fir a bhí ina seasamh thart chuig Peadar agus dúirt siad leis, “Scéal cinnte go bhfuil tusa ar dhuine acu, mar tá sin le léamh ar bhlas do chainte.”

Matha 26