Matha 25:2-6 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. Bhí cúigear acu amaideach agus cúigear acu ciallmhar.

3. Mar nuair a thug na hamaidí a lampaí leo, níor thug siad fleascáin ola leo lena lampaí;

4. ach thug na hógha céillí fleascáin ola leo lena lampaí.

5. Nuair a rinne an fear nuaphósta moill, bhí siad uile i suan agus i gcodladh.

6. Ach chuaigh gáir amach i meán na hoíche, ‘Seo chugainn an fear nuaphósta! Tagaigí libh amach ina airicis’.

Matha 25