Matha 24:36-46 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

36. “Ach níl a fhios ag aon neach i dtaobh an lae úd ná i dtaobh na huaire úd, níl a fhios ag aingil na bhflaitheas féin, ná ag an Mac, ach ag an Athair amháin.

37. Mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine.

38. Mar sna laethanta úd roimh an díle bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus ag pósadh, go dtí an lá úd a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc,

39. agus ní raibh fhios acu go dtí gur tháinig an díle agus gur chart sí ar shiúl iad, is amhlaidh a bheidh nuair a thiocfas Mac an duine.

40. Beidh beirt fhear sa ghort; tógtar duine agus fágtar duine.

41. Beidh beirt bhan ag meilt na bró; tógtar bean agus fágtar an bhean eile.

42. Bígí ar bhur gcoimeád mar sin, mar ní feasach cad é an lá a thiocfas bhur dTiarna.

43. Ach bíodh a fhios seo agaibh, dá mba rud é go mbeadh fhios ag ceann urra an tí an uair den oíche a dtiocfadh an gadaí, go mbeadh sé ag coimeád, agus nach ligfeadh sé d'aon duine briseadh isteach ina theach.

44. Caithfidh sibhse bheith ullamh mar an gcéanna; mar tiocfaidh Mac an duine san am nach bhfuil coinne agaibh leis.

45. “Cé mar sin atá ina sheirbhíseach iontaofa céillí atá curtha ag a mháistir os cionn a theaghlaigh, chun go dtabharfadh sé a gcuid dóibh sa tráth is cóir?

46. Is beann­aithe an seirbhíseach a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh nuair a thiocfas sé.

Matha 24