Matha 22:41-44 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

41. Anois nuair a bhí na Fairiséigh cruinn le chéile, chuir Íosa ceist orthu,

42. agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cad é bhur mbarúil i dtaobh an Chríost? Cé leis é?” “Mac Dháibhí,” ar siadsan leis.

43. Ar seisean leo, “Conas mar sin a ghaireann Dáibhí Tiarna de, agus é faoi anáil an Spioraid, mar deir sé,

44. ‘Is é a dúirt an Tiarna le mo Thiarnasa,suigh ar mo láimh dheas,go gcuire mé do naimhde faoi do chosa’?

Matha 22